Sean-Nós Cois Life 2015 17-19 AIBREÁN/APRIL
NUACHT: (English version below)Tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh an fhéile Sean-Nós Cois Life ar siúl ón 17-19 Aibreán agus deireadh seachtaine mór amhránaíochta, damhsa, ceoil agus craic beartaithe againn. I measc na n-amhránaithe ar a bheidh linn i mbliana tá:
- Liam Mac Con Iomaire (Conamara & Baile Átha Cliath)
- Caoimhín Ó Fearghaíl (Na Déise)
- Seán Ó Fearghaíl (Na Déise)
- Seán Ó Gairbhí (Uíbh Ráthach, Ciarraí)
- Aodh Ó Coileáin (Ciarraí)
Beidh Sibéal Davitt (Baile Átha Cliath) i mbun damhsa ar an sean-Nós. Tá dréacht-eolas faoi chlár na féile anseo >>
Fógrofar scéala ar ball faoin té ar a mbronnfar Gradam Shean-Nós Cois Life i mbliana.
Tá súil againn go gcuirfidh tú na dátaí seo sa dialann agus go mbeidh tú linn 'Cois Life' idir an 17 agus 19 Aibreán.
Le dea-mhéin,Coiste SNCLhttp://
www.seannos...@gmail.com