Gearo/id
Gearóid
Bhuel, níl mé ro-cinnte mé fein. Tá sé creidte ag chairde s'agamsa, gur
teanga í. Dar leo: bainneann an difriocht ceanna idir Albainis Uladh
agus Bearla, mar a bhfuil sé fós idir Ioruais agus Danmhairgis. Ma a
bhfuil sin fior, tá sé ceart go leor domhsa.
Sílim fosta go bhfuil claonadh i measc an lucht gaelach a dhearbhaigh:
ní teanga í, mar tá sí ro-cosuil leis an Bhearla. Ní saineolai mé i
gcursaí teangeolaiocht, ach ma tá difear caol idir an bheirt, ní cuis
laidir sin a ra gur canúint an teanga.
--
Mick Fealty
--- Gerry Carroll
<Gerry_...@BABYLON.MONTREAL.QC.CA> wrote:
> An bhfuil fhios ag e/inne cad is Albainis Uladh? An
> teanga i/, no/ an
> canu/int i/?
> Does anyone know what Ulster Scots is? Is it a
> language, or a dialect?
> An fe/idir sampla a thabhairt du/inn?
> Can you give us a sample?
>
> Gearo/id
>
===
Sean & Nina
kelle...@yahoo.com
_________________________________________________________
Do You Yahoo!?
Get your free @yahoo.com address at http://mail.yahoo.com
Peadar Mac Giolla Mhuire
Gerry Carroll wrote:
> An bhfuil litri/ocht ann?
> An bhfuil litri/ocht ann?
>
A Ghearo/id!
Ta/ leabhar le Philip Robinson ann agus is e/ 'Esther - Quaen o tha
Ulidian Pechts' an t-aimn e/. Aistriucha/in is ea e/ o/'n Bhearla.
Seo tu/s an leabhair duit:
At-a-tim, near twa thoosan yeir syne, the wur mair nor a hunner tribes an
clans wi thair ain loards an thanes apiece, roon aa airts o tha noarth o
tha Bra(umlaut)ttisch Isles, leevin civil-like. Driv noarth bi tha Romans,
ae strang, thran an dour Bra(umlaut)ttan the caa'd Art haed aa thae wee
kintras brung thegither in yin big ka(umlaut)ngrick. A wheen o leids an
fowks fae aa airts gien tribute til him quhan he wus made Ka(umlaut)ng on
tha croonin stane at Duncunning - tha 'forth o tha ka(umlaut)ngs'.
Tina
Many thanks to everyone who sent information re Ulster Scots. I knew
nothing about it before this. Now, another question: is it spoken as a
regular language by anyone? I once heard a man speaking with a northern
accent; I thought he was speaking English, but I did not understand a
word he said. Could it be that he was speaking Ulster Scots?
Gearo/id
I n-Ulster Scots, gairtear an Tionol Nua i gCarsonia ag suidhe
i bhfoirgneamh parlaiminteach [i tStromont] _tha New Ulster
Semmelie sittin at tha Tolsel Biggins_. Má's mian le na Fíribh
Buidhe labhairt mar sin, go mbeannuighidh Dia dhóibh. Bítear
ina iarmhar cultúrtha.
Ewan [Eoin i n-U S, mar a gcuirim i gcás]
Caithidh daoine a/irighthe breith air a gciall annseo
agus aithint gur "teanga mhaide" a ta/ againn thuas
nach labhrann duine air bith.
Is measgan i/ de dhroch-Bheurla, focail di/obhtha agus
cumadh pearsanta.
Is cainnteoir du/thchais Beurla na hAlbann me/ fhe/in
agus caithidh me/ innse daoibh go mbi/onn na
cainnteoiri/ du/thchais a' tabhairt "English" air.
Ni/l mo/ran fa/gtha anois ach foirmneacha mar "Cannae,
daenae" etc Ta sean-chainnteoiri/ ann in a/iteanna a
deir "brought" mar "brocht" "night" mar "nicht" etc.
Ta/ foclaireacht ann chomh maith a tha/inig a-steach
o/n Ghaedhilg, nach dtuig an gnath-chainnteoir Beurla:
"eireog" (cearc o/g) "Sgaoil" (scatter) "cuail"(pile) "
(ina) shabhal" (stack) "maol" (chilblain) agus cuid
mho/r eile.
Ta/ rudai/ eile ann a the/id siar don sean-Bheurla ach
a ta/ caillte anois sa Bheurla oifigeamhail eg: "hwit"
(gearr), "thole" (fulaingt) "beod" (caithidh)
Agus corr-fhocal as an Lochlainnis eg "freet"
(pisreog)
Chan fheil mo/ran ann dar sgri/obh na fili/
figheadoireachta agus chan fhaca me/ rosg air bith
riamh a bhi/ du/thchasach, co/ir, agus do-thuigse do
chainnteoir chomasach Bheurla.
Brian MacL.
Tá sé sé in am againn deireadh a chur anois leis an tseafóid uilig seo faoi
"Albainis Uladh" agus a aithint nach bhfuil sa tionscadal seo ar fad ach
seift de chuid dreamanna áirithe polaitíochta chun bac a chur le húsáid na
Gaeilge sa tuaisceart, agus iad ag súil go mbeidh liobrálaigh an deiscirt
níos mó ná sásta aon rud dá leithéid a shlogadh siar. Agus nár éirigh go
geal leo!
Séamas Ó Brógáin
Is dócha gurb duine de "liobrálaigh an deiscirt" atá ionamsa os rud é (i)
go n-aontaím nach teanga ach canúint de chuid an Bhéarla atá san Ullans
agus (ii) go bhfuil mé sásta an Fhoras nua agus an méid atá luaite sa
Chomhaontú "a shlogadh siar". Aontaím freisin nach bhfuil sa méid atá á
mholadh anois ach cleas de chuid na hAontachtóirí. Ach cén fáth nach
bhfuil mé sásta dul ag troid ar son na fírinne de réir mar a chreidim a
leithéid?
Tá dhá fáth agam agus is dócha go mbaineann liobrálachas leis an gcéad
cheann díobh. Tá sé feicthe thar na blianta agam an bealach a chuireann
lucht teanga amháin - de ghnáth lucht an Bhéarla - isteach ar aon iarracht
atá ag lucht teanga eile - de ghnáth lucht na Gaeilge. Ní chuireann siad
tacaíocht ar fáil. Cuireann siad bac ar iarrachtaí an mhionlaigh.
Caitheann siad anuas orthu go poiblí agus go rúnda. De ghnáth bíonn "fáth"
acu: ní fíor-theanga atá inti, ní labharann éinne í, ní bhfaighfidh sí post
dhuit, níl aon litríocht inti srl. Cheap mé go raibh dul amú iomlán ar na
daoine sin. Tá seans (beag) ann go bhfuil dul amú ormsa an uair seo. Ag
deireadh an lae níl fonn dá laghad ormsa chur isteach ar iarrachtaí dhaoine
eile chur lena féin-mheas. Liobrálachas más maith libh.
Ach níl baint ar bith le liobrálachas don darna fáth. Nuair a d'ardaigh na
hAontachtóirí an cheist seo, thug siad rogha don taobh eile: troid nó
géilleadh. Dá mbeadh troid ann bheadh an Ghaeilge thíos leis ag deireadh
an lae os rud é go mbeadh taobh amháin ábalta úsáid a bhaint as an troid
chun a thaispeáint nár bhain an Gaeilge ach le taobh / reiligúin amháin -
rud nach bhfuil fíor. Dá mbeadh ghéilleadh ann, bheadh mion-bhua bainte
amach ag na haontachtoirí, rud nach chuireann isteach ormsa, agus bheadh
brú orthu ghéilleadh i mion-rud eile sna chainteanna.
Seift - sin a bhí ann ceart go leor. Ach lig leo. 'Siadsan atá ag íoc as.
----------------------------------------------------------------
The information transmitted is intended only for the person or entity to
which it is addressed and may contain confidential and/or privileged
material. Any review, retransmission, dissemination or other use of, or
taking of any action in reliance upon, this information by persons or
entities other than the intended recipient is prohibited. If you received
this in error, please contact the sender and delete the material from any
computer.
--- Padraig de Burca <padraig...@IE.PWCGLOBAL.COM>
wrote:
===
Seo é an pointe is tabhachtaí go cinnte:
>Ag deireadh an lae níl fonn dá laghad ormsa chur isteach ar iarrachtaí
dhaoine eile chur lena féin-mheas.
>
Creidim gur aibíocht í chun liobrálachas a theaspaint do slíte eile, go
hairithe sna laethanta úrnua atá le teacht i nÉireann. Ní feidir linn
dul ar aghaidh agus muidne ag cuir isteach ar achan rud a dheanainn na
Aontachtaí. Agus tá sé cinnte go bhfuil roinnt seifteanna ann 's iadsan
deanta lenar gcuid fein.
>chun a thaispeáint nár bhain an Gaeilge ach le taobh / reiligúin amháin -
>rud nach bhfuil fíor.
Aontiam go mór le sin.
--
Mick Fealty
>Aontiam go mór le sin.
--
>Mick Fealty
Is mo/r an truaigh nach dtig le duine air bith cur in
iu/l do na "hAlbannaigh Uladh proifeasanta" nach
mboineann Beurla na hAlbann Ultach le aon dream
amha/in.
Is fi/or-bheagan de na daoine seo a ta/ in inmhe a'
cha/namhaint sin a labhairt, ach cha chuireann sin
na/ire air bith ortha, na/ leisg roimh chainnt go
h-u/ghdarasach fa/ dtaobh dithe. Ta/ lucht e/isteacht
ni/os baigheamhala aca sa deisceart na/ mar a ta/ ag
baile.
Brian MacL.
> Is mo/r an truaigh nach dtig le duine air bith cur in
>iu/l do na "hAlbannaigh Uladh proifeasanta" nach
>mboineann Beurla na hAlbann Ultach le aon dream
>amha/in.
Nach dtig linn an rud ceanna a ra faoin nGaeilge, go hairithe sa
Tuaisceart? Si/li/m go bhfuil se/ ag astru/ anios ach ar feadh na
mblaina ni/ raibh se/ agam le ra/ nar teanga seicteach i/ an nGaeilge,
is cuma mar a mhoth me/.
Ni/ creidim gur deifir mo/r ann idir an lucht gaelach agus an dream a
bhfuil ann agus iadsan macanta dilis don canuint/teanga seo. Is
dreamanna bheaga an bheart againn, i measc an formho/r den domhan thiar
a bhfuil ina cainteoiri Bhearla.
--
Mick Fealty
>
> In message <ECS9903...@fujin.qub.ac.uk>, Brian
McLaughlin
> <B.A.McL...@QUEENS-BELFAST.AC.UK> writes
>
> > Is mo/r an truaigh nach dtig le duine air bith cur
in
> >iu/l do na "hAlbannaigh Uladh proifeasanta" nach
> >mboineann Beurla na hAlbann Ultach le aon dream
> >amha/in.
>
> Nach dtig linn an rud ceanna a ra faoin nGaeilge, go
hairithe sa
> Tuaisceart? Si/li/m go bhfuil se/ ag astru/ anios
ach ar feadh na
> mblaina ni/ raibh se/ agam le ra/ nar teanga
seicteach i/ an nGaeilge,
> is cuma mar a mhoth me/.
>
Ta/ an ceart agat a Mhiceil.
Saoilim gon dtug an "Nua-Ghaeilge" blas seicteach don
Ghaedhilg nach rabh uirthi nuair a bhi/ an co/ras
litreachaidh mar an gceudna leis a' Gha\idhlig
Albannach, mar bhunaigh siad an "Nua-Ghaeilge" air
cha/namhaint na Mumhan/Chonamara. Ghearradh amach
Gaedhlig Thi/r Cho/naill, Reachraidhe, na hAlbann.
Ta/ samhalacha eile eadar tionsgnamh na
"Nua-Ghaeilge" agus tionsgnamh na New Ulster Scots:
1. Is ca/namhainti/ mhaide a' bheirt nach dtuigeann na
cainnteoiri/ du/thchais.
2. Chan eil litridheacht air bith is fiu/ a luaidh ag
ceachtar aca.
3. Cha labhrann na daoine a ta/ a' cumadh na teangan
nuaidhe, a rud a ta/ siad a' cumadh.Is muinntir na
cathrach iad, agus ta/ na cainnteoiri/ du/thchais sa
tuath.
4. Is sta/itseirbhisigh/polaiteoiri/ na daoine a ta/ i
mbun gno/thaich.
5. Ta/ na "hAlbannaigh Uladh profeiseanta" ag iarraidh
an teanga nuadh a tho/gail le blas ceantair teoranta
ma gcuairt air Latharna, agus Ti/r Cho/naill, Doire
agus na Glinnti/ a ghearradh amach.
Brian MacL.
> Ta/ an ceart agat a Mhiceil.
> Saoilim gon dtug an "Nua-Ghaeilge" blas seicteach don
>Ghaedhilg nach rabh uirthi nuair a bhi/ an co/ras
>litreachaidh mar an gceudna leis a' Gha\idhlig
>Albannach, mar bhunaigh siad an "Nua-Ghaeilge" air
>cha/namhaint na Mumhan/Chonamara. Ghearradh amach
>Gaedhlig Thi/r Cho/naill, Reachraidhe, na hAlbann.
B'fheidir go bhfuil sin fior.
> Ta/ samhalacha eile eadar tionsgnamh na
>"Nua-Ghaeilge" agus tionsgnamh na New Ulster Scots:
> 1. Is ca/namhainti/ mhaide a' bheirt nach dtuigeann na
> cainnteoiri/ du/thchais.
> 2. Chan eil litridheacht air bith is fiu/ a luaidh ag
> ceachtar aca.
> 3. Cha labhrann na daoine a ta/ a' cumadh na teangan
> nuaidhe, a rud a ta/ siad a' cumadh.Is muinntir na
> cathrach iad, agus ta/ na cainnteoiri/ du/thchais sa
> tuath.
> 4. Is sta/itseirbhisigh/polaiteoiri/ na daoine a ta/ i
> mbun gno/thaich.
> 5. Ta/ na "hAlbannaigh Uladh profeiseanta" ag iarraidh
> an teanga nuadh a tho/gail le blas ceantair teoranta
> ma gcuairt air Latharna, agus Ti/r Cho/naill, Doire
> agus na Glinnti/ a ghearradh amach.
>Brian MacL.
>
A Bhriain
>
Thaitin na cuigear seo go m/or liom. Ta/ siad deanta go briomhar 's go
direach. Agus ta/ me/ cinnte go mbainnean an firinne leatsa sa
mo/rchuid a dheireann tu/.
Ach ta/ fabdh fagtha againn fos. Is dtig leat na pointi/ ceanna (go
hairithe 1, 3 agus 4) a dheanadh ar an chas a baineann le Ghaeilge no/
Ghaedhlig.
Chuir me/ cuairt ar ti/ do m'Aintin Kitty i Tuaisceart dTi/r Chonaill
anuraidh. Ta/ an aois ag lui/ go thapaidh uirthi anois, agus si/ fein
nios mo/ na nocha bhliain d'aois. Ina theannta sin ba sise an duine
feasta amhain sa teach a bhfuil neart Gaelige fagtha acu.
Bhi/ fhios agam go raibh Gaeilge liofa ag garinion di/, ach thuig me/
freisin, nar raibh me/ abalta usaid a bhaint as aon focal Ghaelige, mar
ba cuairteoir as an ceathrach me/, agus ar a bharr sin, conaithe i
Sasana.
Amananta mar sin, mothaim go bhfuil me/ san ait ceanna de na daoine ata/
luaite agat faoi/ tagairt a tri/ os a cionn!
le meas
--
Mick Fealty
>Seo é an pointe is tabhachtaí go cinnte:
>
>>Ag deireadh an lae níl fonn dá laghad ormsa chur isteach ar iarrachtaí
>dhaoine eile chur lena féin-mheas.
Ceart ar fad agat
....
>Seift - sin a bhí ann ceart go leor. Ach lig leo. 'Siadsan atá ag íoc as.
Tá _súil_ agam go bhfuil an ceart ar fad agat, ach...
Ag deireadh an lae, bíodh an Albainis Uladh ina theanga nó ina chanúint, tá
sé luaite mar chuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta (nó cibé ainm is fearr
leat) mar chuid de chultúr thuaiseart Éireann, agus tá sé ráite sa
Chomhaontú chéana go bhfuil meas tuillte aige ar chomhchéim leis an
Ghaeilge.
Níl ann ach céim gairid amháin, agus tá sé á ghlacadh cheana, ó meas a
iarraidh go h-airgead a iarraidh ar chomhchéim leis an t-airgead a chaitear
ar an Ghaeilge faoi láthair.
Ní miste liom seo ar chor ar bith, ach ní mhaireann 'euphoria' comhaontú ar
bith rófhada, agus níl ann ach ceist ama sula dtosaíonn státseirbhíseach
éigean ag fiafraí cá has a bhfuil an t-airgead le theacht, agus narbh fhusa
airgead ar chomhchéim leis an Ghaeilge a thabhairt dá mbeadh an dá dhream
le níos lú a fháil? Nó an t-airgead atá ann a scoilt ina dhá chuid?
Maidir liom féin, níl moran speis agam i gcúrsaí Albainis Uladh mar atá sé
sa nuacht anseo i mBéal Feirste. Mar atá ráite ag Brian Mac Lochlainn
cheana, is '"teanga mhaide" ... nach labhrann duine air bith' atá á bhrú
orainn, agus ní an [ ] teanga [ ] canúint (cur tic sa bhosca cuí) atá
cloiste agam anois is arís atá i gceist.
Aontaím le Pádraig sa mhéid a dúirt sé faoi chur isteach ar iarrachtaí
dhaoine eile chur len féin-mheas. Ach níor mhaith liom go ndruidfidh cuid
ar bith dár ngaelscoileanna, mar shampla, leis an féin-mheas céanna a
chothú.
C.
--------------------------------------
Colm Mac Aindreasa <col...@iol.ie> [MIME lach]
http://www.iol.ie/~colmmac/ baile
http://www.stmarys-belfast.ac.uk/aisaonad/ obair
"The box said "Requires Windows 95 or better.", so I bought a Macintosh"
Sin ráite, ní aontaím le cúpla point a bhí déanta ag daoine, go háirithe ag
ár gcara Brian faoin "Nua-Ghaeilge." Is cosúil go bhfuil fadhbanna go leor
ann idir lucht na Gaeilge agus na hAontachtaithe (nó aon dream eile atá in
aghaidh na Gaeilge) gan a bheith ag briseadh amach campa na nGaeilgeoirí ina
ghrúpaí seicteacha, ag spreagadh easaontais idir lucht na gcanúintí agus
lucht na Caighdeánise, agus ag cur masla ar an "Nua-Ghaeilge":
> Saoilim gon dtug an "Nua-Ghaeilge" blas seicteach don
> Ghaedhilg nach rabh uirthi nuair a bhi/ an co/ras
> litreachaidh mar an gceudna leis a' Gha\idhlig
> Albannach, mar bhunaigh siad an "Nua-Ghaeilge" air
> cha/namhaint na Mumhan/Chonamara. Ghearradh amach
> Gaedhlig Thi/r Cho/naill, Reachraidhe, na hAlbann.
> Ta/ samhalacha eile eadar tionsgnamh na
> "Nua-Ghaeilge" agus tionsgnamh na New Ulster Scots:
> 1. Is ca/namhainti/ mhaide a' bheirt nach dtuigeann na
> cainnteoiri/ du/thchais.
> 2. Chan eil litridheacht air bith is fiu/ a luaidh ag
> ceachtar aca.
> 3. Cha labhrann na daoine a ta/ a' cumadh na teangan
> nuaidhe, a rud a ta/ siad a' cumadh.Is muinntir na
> cathrach iad, agus ta/ na cainnteoiri/ du/thchais sa
> tuath.
> 4. Is sta/itseirbhisigh/polaiteoiri/ na daoine a ta/ i
> mbun gno/thaich.
> 5. Ta/ na "hAlbannaigh Uladh profeiseanta" ag iarraidh
> an teanga nuadh a tho/gail le blas ceantair teoranta
> ma gcuairt air Latharna, agus Ti/r Cho/naill, Doire
> agus na Glinnti/ a ghearradh amach.
Gaeilge chaighdeánach atá agamsa (má tá a leithéid ann ar chor ar bith). Is
buachaill na cathrach mé freisin agus toisc go bhfuil cónaí orm i Meiriceá,
is thar a bheith deacair liom an chanúint mhaide seo is agamsa a úsáid go
laethúil. In amanna, bíonn seans agam labhairt le cainteoirí dúchais agus
taitníonn sé sin go mór liom.
Ach cé go n-admhóinn gur Nua-Ghaeilge nó Gaeilge scoile í (tabhair do rogha
rud uirthí) atá agam, ní fíor é nach féidir le na cainteoirí dúchais mo
chuid Gaeilge a thuiscint. Is cinnte go bhfuil botúin déanta agam go minic
agus go mbíonn focail nó dul na teangan ar iarraidh agam, ach ní doigh liom
go gceapann siad (.i. na cainteoirí dúchais anseo) go bfhuil aon seicteachas
ag baint le mo chuid cainte. Anois, caithfidh mé a rá gur Conamaraigh an
cuid is mó díobh, ach tá aithne agam ar chúpla duine as Dún na nGall freisin
agus níor chuala mé aon ghearán uatha ariamh faoin gceist seo.
Mar an gcéanna, an fíor é nach bhfuil aon litríocht is fiú a lua nó a léamh
sa Nua-Ghaeilge? Mar shampla, táim go díreach tar éis úrscéal Phádraig
Standún, An tAinmhí, a chur i gcrích. (Seo leabhar a mhol Micheál O
Conghaile dhom cúpla bliain ó shin agus eisean anseo sna Stáit le haghaidh
Feise Eireannaí i Milwaukee.) B'fhéidir nach bhfuil sé bord ar bhord le
scríbhneoir mar Céitinn nó a leithéid, ach tá seanchas agus cur síos ar saol
traidisiúnta na n-oileánach ag baint le scríbneoireacht an Standúnaigh.
Tá leabhar eile agam (nach bhfuil léite agam go fóill), Caisleáin Óir le
Séamas O Grianna, atá lán de "Ghaeilge shaibhir nádúrtha na Gaeltachta" (mar
a deir an iarscribhinn). Ach tá an litriú sa leabhar seo caighdeánaithe: tá
na h-annaí ann agus araile. Tá stór iontach téarmaíochta agus focal nach
bhfuil agam ann freisin. An Nua-Ghaeilge atá sa leabhar seo? An fiú é a
léamh, bíodh foghlaimeoir nó cainteoir dúchais an leitheoir?
In ndáiríre, táim réidh leis an gceist seo--na canúintí i gcoinne na
Caighdeánise. Is cuma liom más mian le daoine seanchóras litriuithe (.i.
"ceudna" i leapa "céanna") nó foirmeachaí canúna faoi leith (.i. chan
eil...) a úsáid mar ní chreidim go bhfuil an bhearna chomh mór sin. Tá
struchtúr bunúsach na teangan taobh thiar den litriú mar an gcéanna.
Is féidir liom scríbhneoireacht Bhriain a léamh gan mórán stró, mar shampla.
Ach níor rugadh mé i dTír Chónaill, i Doire ná sna Glinntí, ná in aon áit in
Eirinn fiú. Ar chóir dhom lig orm a mhalairt? Ní cheapfainn é. Agus
déarfainn an rud céanna faoi dhuine a rugadh i mBaile Atha Cliath. Ní gá dó
lig air gurb as an Ghaeltacht é.
Mar a deirtear (ro-mhinic is dócha) i gcásanna mar seo: Can't we all just
get along? ;)
Is mise, le meas,
-----
Brian Ó Dubhghaill
Brian Doyle
Siceago, IL SAM / Chicago, IL USA
----------
An triobloid lies an argo/int sin, imo bharamhail-sa,
na/ go dtabhaireann si/ a'chuma air an sgeul nach
bhfeil ann ach comortas eadar dha/ fhoireann
"subsidy-junkies" le du/il ni/os mo/ aca san airgead
na/ sa teanga.
Brian MacL.
Tá sé for go gcuireann sé 'cuma' ar an scéal ach cuimhnigí gurb é an
'fhírinne' ná an 'chuma' is láidre a fhaigheann daoine ó na meán
chumarsaide nuair nach bhfuil foinse níos fearr acu. Is cuma cé acu tá an
fhírinne níos fearr nó níos measa ná mar atá sé luaite againn anseo, sin
mar a chuirtear i láthair muid, _ergo_, sin mar atá muid.
C.
>Sgri/obh Colm:
>>NÌl ann ach cÈim gairid amh·in, agus t· sÈ · ghlacadh
>>cheana, Û meas a
>>iarraidh go h-airgead a iarraidh ar chomhchÈim leis an
>>t-airgead a chaitear
>>ar an Ghaeilge faoi l·thair.
>
>An triobloid lies an argo/int sin, imo bharamhail-sa,
>na/ go dtabhaireann si/ a'chuma air an sgeul nach
>bhfeil ann ach comortas eadar dha/ fhoireann
>"subsidy-junkies" le du/il ni/os mo/ aca san airgead
>na/ sa teanga.
>Brian MacL.