Club
Gaeilge
An Spidéal, Contae na Gaillimhe
A Chairde Dhíl,
Is mór an seans gur chuala cuid agaibh an t-amhrán cáiliúil úd ó aimsir na géarchéime móire i 1929 agus thríochaidí an chéid seo caite Buddy Can You Spare a Dime?
Bhuel bheadh muide ag súil le beagán lena chois sin beagnach céad bliain ina dhiaidh -céard faoi €5?
Tá muid buíoch do chuile dhuine a thacaigh le nár dtógra, tá an Club Gaeilge ina rith seoil. An aisling a bhí agus atá againn suíomh rialta a bhunú a bheadh neamh-fhoirmiúil ina bhféadfadh cuairteoirí agus áitritheoirí nuaidhe An Ghaeilge a fhoghlaim ar bhealach neamh-fhoirmiúil agus sóisialta, sa mbreis ar ranganna foirmiúla.
Tá freastal an-bhreá ar an gclub ón bhfíor-thosach agus tá an spéis ag neartú d’réir mar atá ag éirí linn an scéal a scaipeadh. Tá an-fheabhas go deo ag teacht ar chaighdeán Gaeilge na ndaoine atá ag freastal go rialta ar na hócáidí foghlamtha agus tá muid an-dóchasach go n-éireoidh leis an gclub fás mar acmhainn an-luachmhar i gcaomhnú agus i gcur chun cinn theanga na Gaeilge.
Airíonn muid a thábhachtaí is atá an súáilceas agus tá ár n-imeachtaí saor in aisce do chách. Tá riarachán uile na heagraíochta á dhéanamh ar bhonn deonach ach tá muid ag brath go trom ar thabhartais, ar mhaithe le íoc as áisitheoirí ard cháilithe go mór mhór, chomh-maith le íoc as páipéarachas, dúch, leabhra, cluichí agus ábhair eile oideachais agus costais. Ní hé an béal bocht é seo ach tá muid i bhfiacha ó thosaigh muid de bhrí nach bhfuil muid ag fáil aon deontais ná fordheontais oifigiúla d’aon chineál. Tá feachtas sluamhaoinithe bunaithe againn mar shúil is go n-éireodh linn ár gcuid costais a chlúdach ach mura n-éiríonn linn an €2,000, atá mar sprioc againn, a bhaint amach ar an 18ú Iúil ní bhfaighidh muid oidead is cent rua agus is mór an baol a bheadh ann go gcaithfeadh muid an club a chur ar fionraí go dtí go n-aimseodh muid foinse maoinithe eicínt eile.
Tá muid ag éileamh ar ár gcuid cairde maithe uilig a thacaíonn linn, síntiús fánach €5 ar a laghad a thabhairt dúinn agus an oiread céanna a iarraidh ar a gcuid cairde siúd.
Téigh ar an idirlíon ag http://fundit.ie/project/club-foghlaimeoiri-gaeilge-an-spideil, gíogáil “Fundit”, tabhair na mion-shonraí agus éiligh do dhuais.
Tá muid an-bhuíoch do chuile dhuine a bhfuil airgead tugtha acu go dtí seo agus beidh muid ag tnúth le sibh a fheiceál ag ár gcuid imeachtaí sa Spidéal gan mhoill.
Le gach deá-mhéin,
Nóra Nic Oireachtaigh agus Meaití Jó Shéamuis